You need to be logged in to mark episodes as watched. Log in or sign up.
Season 2
Scéal cumhachtach croíúil faoin ngrá agus íobairt le linn an éirí amach! Bhí an scéal grá is tragóidí in Éirinn i gcroílár Éirí Amach na Cásca 1916. Ghoill scéal Grace Gifford agus
.. show full overview
Scéal cumhachtach croíúil faoin ngrá agus íobairt le linn an éirí amach! Bhí an scéal grá is tragóidí in Éirinn i gcroílár Éirí Amach na Cásca 1916. Ghoill scéal Grace Gifford agus Joseph Plunkett ar na milliúin agus is é a spreag an bailéad, "Grace", atá fós inár gcroí inniu. Bhí an-dáimh ag Grace agus Joe lena chéile lena ngrá don ealaín, don fhilíocht, agus a mbrionglóid Éire a scaoileadh saor. Ní raibh muintir Grace ag iarraidh baint ná páirt a bheith acu léi nuair a thug sí le fios go raibh sí geallta le Joe. Fad a bhí Grace ag pleanáil an phósta bhí Joe ag pleanáil Éirí Amach na Cásca.
Scéal draíochtúil a chuaigh in aghaidh ghnáis an 18ú haois agus atá fós suimiúil sa lá atá inniu ann. Bhí Eleanor Butler, ó Chaisleán Chill Chainnigh, agus Sarah Ponsonby, dílleachta
.. show full overview
Scéal draíochtúil a chuaigh in aghaidh ghnáis an 18ú haois agus atá fós suimiúil sa lá atá inniu ann. Bhí Eleanor Butler, ó Chaisleán Chill Chainnigh, agus Sarah Ponsonby, dílleachta uasal, meáite ar a bheith le chéile, sháraigh siad noirm shóisialta rud a chruthaigh scannal ag an am. An raibh siad ina leannáin rúnda? Tá ráflaí agus tuairimíocht ar siúl leis na céadta bliain, ach tá rud amháin cinnte: is é seo an scéal grá LADTA+ is mó in Éirinn. Chuir na mná seo gach rud i mbaol trí mhian a gcroí a leanúint, iad ag réiteach an bhealaigh do na glúnta a tháinig ina ndiaidh le go mbeidís ábalta an saol a chaitheamh agus grá a thabhairt ar a gcomhairle féin.
Sa bhliain 1896 dhíol Michael Joseph O'Rahilly gnó a mhuintire i gContae Chiarraí, agus as go brách leis go Nua-Eabhrac chun croí Nancy Brown a bhuachan. Bhog siad go Baile Átha Cliath
.. show full overview
Sa bhliain 1896 dhíol Michael Joseph O'Rahilly gnó a mhuintire i gContae Chiarraí, agus as go brách leis go Nua-Eabhrac chun croí Nancy Brown a bhuachan. Bhog siad go Baile Átha Cliath agus le chéile áit a raibh siad ina bhfigiúirí lárnacha sa ghluaiseacht náisiúnach, ag troid ar son shaoirse na hÉireann agus ag fágáil marc doscriosta ar stair na tíre. Bhí siad fite fuaite i Rith Gunna Bhinn Éadair agus in Éirí Amach na Cásca 1916. Lánúin chumhachtach a bhí iontu a bhain súp as an saol, bhí siad chomh tiomanta do shaoirse na hÉireann agus a bhí siad dá chéile agus thug siad gach rud ar son na cúise.
Scéal grá corraitheach Martha Witherington agus Theobald Wolfe Tone a bheidh faoi chaibidil. D'éalaigh an bheirt le chéile agus thug aghaidh ar chathanna, cruinnithe rúnda le Napoleon
.. show full overview
Scéal grá corraitheach Martha Witherington agus Theobald Wolfe Tone a bheidh faoi chaibidil. D'éalaigh an bheirt le chéile agus thug aghaidh ar chathanna, cruinnithe rúnda le Napoleon agus comhchealga réabhlóideacha. Bunchloch de Phoblachtachas na hÉireann a bhí ina ngrá, agus bhí sé ar cheann de na nithe a spreag troid na tíre ar son an neamhspleáchais. D'fhoilsigh agus thiomsaigh Martha dialanna Theobald, rud a spreag na glúnta reibiliúnaithe agus tá an-tábhacht fós leo sa lá atá inniu ann.
Scéal grá pléascach é seo. Thit Leslie Price agus Tom Barry go mór i ngrá le linn na tréimhse is suaite i stair na hÉireann. Tá a ngrianghraf pósta ar cheann de na grianghraif is
.. show full overview
Scéal grá pléascach é seo. Thit Leslie Price agus Tom Barry go mór i ngrá le linn na tréimhse is suaite i stair na hÉireann. Tá a ngrianghraf pósta ar cheann de na grianghraif is aitheanta in Éirinn. Agus Leslie ag troid sa GPO le linn Éirí Amach na Cásca, throid Tom sa Chéad Chogadh Domhanda. Thit siad i ngrá le linn Chogadh na Saoirse. Bhí Leslie ina ceannaire ar Chumann na mBan agus bhí Tom i gceannas ar Thríú Colún Reatha Bhriogáid Iarthar Chorcaí. Scéal corraitheach faoin ngrá, faoi chogadh agus faoi réabhlóid a fhiosraíonn saol beirte ar athraigh a ngrá cúrsa staire na hÉireann.
Scéal grá spleodrach John Mitchel agus Jenny Verner, grá a thug siad leo trasna cheithre mhór-roinn agus a bhféadfaí é a chur i gcomparáid le rómánsaíocht fhiáin The Quiet Man, scuabadh
.. show full overview
Scéal grá spleodrach John Mitchel agus Jenny Verner, grá a thug siad leo trasna cheithre mhór-roinn agus a bhféadfaí é a chur i gcomparáid le rómánsaíocht fhiáin The Quiet Man, scuabadh eipiciúil Ryan's Daughter, agus dráma dochreidte Gone With The Wind. Scéal é seo faoi éalú, éirí amach, gorta, idirbheartaíochtaí dorcha agus díbirt mar aon leis an gcaidreamh paiseanta, neamhghnách polaitíochta a bhí idir an bheirt i gcroílár Chúige Uladh.
If there are missing episodes or banners (and they exist on TheTVDB) you can request an automatic full show update:
Request show update
Update requested